A Mhuire Mháthair,
Sé seo mo ghuí
Go maire Íosa
Go deo im’ chroí
Ave Maria,mo ghrá Ave,
Is tusa mo mháthair
‘s máthair Dé.
A Mhuire Mháthair,
I rith mo shaoil
Bí liom mar dhídean
Ar gach aon bhaol.
A Mhuire Mháthair
‘tá lán de ghrást’
Go raibh tú taobh liom
Ar uair mo bháis.