Úlla Deasa

Lá breá i dtús an fhómhair a bhí ann.
Ní raibh aon scoil ag na páistí.
Bhi culaith spóirt nua ar Rossa agus bhí sé an-sásta leis féin.

Chuaigh na páistí go dtí an pháirc agus thosaigh siad ag imirt peile.
Ansin, chuaigh siad go dtí an clós imeartha.
Thosaigh siad ag luascadh ar na luascáin.
Léim an ceathrar acu ar an sleamhnán.
Thit Rossa den sleamhnán agus bhí an chulaith spóirt nua salach ó bhun go barr.
Chaith na páistí an lá ag súgradh sa pháirc.

Ar an mbealach abhaile, bhí balla ard in aice leo.
Go tobann, thit úll ar cheann Rossa. D’fhéach sé suas.
Bhí úllord taobh thiar den bhalla agus bhí ulla deasa dearga ar na crainn.

Neasa: Féach ar na húlla deasa.
Rossa: Nach bhfuil siad go halainn?
Dónal: Rachaimid isteach san úllord agus gheobhaimid cúpla úll.
Siobhán: Ná déan! Béarfaidh an feirmeoir oraibh.
Dónal: Ni bheidh sé tapa go leor. Rithfimid linn ar nós na gaoithe.
Rossa: Ceart go leor. Bainfimid triail as.
Neasa: Ná déan! Beidh sibh i dtrioblóid!