Stoirm

Nuair a d’éirigh Cait ar maidin, d’fhéach sí amach an fhuinneog. Bhí sé ag stealladh báistí. D’ullmhaigh Cáit í féin don scoil. Bhí Mamaí tinn sa leaba.

 

Mamaí: An bhfuil cóta báistí ort?

Cáit: Tá cinnte, a Mham!

Mamaí: An bhfuil scáth fearthainne agat?

Cáit: Tá cinnte, a Mham!

Mamaí: Cuir ort an cóta báistí agus ná dean dearmad at an scáth fearthainne.

Cáit: Ceart go leor. Na bí buartha.

 

Amach an doras le Cáit ar nós na gaoithe. Rinne sí dearmad ar an scáth fearthainne. Thóg sí amach an fón póca agus chuir sí glaoch ar a cara Neasa.

 

Cáit: Hi Neasa. Buailfidh mé leat ag stad an bhus i gceann cúig nóiméad.

 

Neasa: Ceart go leor. Beidh mé ann!

 

Thosaigh Cáit agus Neasa ag súgradh sa bháisteach. Bhí sé ag stealladh báistí, ach ba chuma leo. Go tobann chuaigh carr mór thar bráid ach ní fhaca an tiománaí na cailiní! Lig said béic astu ach bhí sé ró-dhéanach. Bhí said fluich báite!